Paidreacha as Gaeilge

Fáilte romhat isteach! 

window1

Ár n-Athair

Ár n-Athair, atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtige do ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamh mar a nithear ar neamh.  Ár n-arán laethúil, tabhair duinn inniú, agus maith duinn ár bhfiacha mar a mhaithimidne ár bhfiachúna féin, agus na lig sinn i gcathú, ach saor sin ó olc.  Amen

 

’Sé do bheatha Mhuire

’Sé do bheatha, Mhuire, atá lán de ghrásta; tá an Tiarna leat; is beannaithe thú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne Íosa.  A naomh-Mhuire, Mháthaie Dé, guidh orainn na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis.  Amen.

Glóir

Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh, mar a bhí ar dtús, mar atá anois, agus mar a bheas go brách trí shaol na  saol.  Amen.

 

 

Altú Roimh Bhia

Printer-friendly version

Beannacht ó Dhia orainne

atá ag suí chun boird le chéile.
Beannacht ar an mbia a ithimid inniu.
Beannacht ar na lámha a d’ullmhaigh dúinn é.
Beannacht ó Dhia dílis orainn féin.

Amen.

Altú Tar Éis Bia

Printer-friendly version

Go raibh maith agat, a Dhia,

mar is tú a thug bia dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia,

mar is tú a thug cairde dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia.

Amen.

 

Léachtaí Gaeilge

http://www.catholicireland.net/readings/

[Paidir na hÓiche

Printer-friendly version

A Dhia, a Athair, molaim thú
As ucht do chineáltais liom inniu.
As ucht mo chairde molaim thú,
Agus as an teaghlach a thug tú dom.
I ndorchadas na hoíche cosain mé
Solas na maidine go bhfeice mé.

Amen.

 


Paidreacha roimh an Naomh Shacraimint

 

Paidir i ndiadh Comaoineach

A Anam Chríost, naomhaigh mé.

A Chorp Chríost, slánaigh mé.

A Fhuil Chríost, sásaigh mé.

A Uisce ó thaobh Chríost, nigh mé.

A Íosa  dhílis, éist liom.

I do chréachta folaigh mé.

Ná lig dom scarúint leat.

Ar an namhaid mallaithe cosain mé.

Ar uair mo bháis glaoigh orm.

Agus ordaigh dom teacht chugat

ionas go molfainn i gcomhluadar na naomh thú

Trí shaol na saol.  Amen.

 

 

Réir Dé go ndeinam

agus beatha na naomh go dtuilleam

solas na bhflaitheas go bhfeiceam

agus glórtha na n-aingeal go gcloiseam.

 

A Íosa mhilis, ní suíochán duit mo theanga,

ní lóistín duit mo chroí;

ach bronn orm do bheannaitheacht,

‘s go bhfana sí agam choíche.

 

Paidir i ndiadh Comaoineach

Fáilte dhuitse, a Choirp an Tiarna

‘tháinig ón Óigh dhiaga ghlain,

gurb é do bhás ar chrann na páise

do shábháil síol Ádhmha ar gach coir.

 

 

Críost liom, Críost romham,

Críost i mo dhiadh, Críost as mo chionn,

Críost fúm, Críost ina chónaí i mo chroí.

Críost ó dheas, Críost ó thuaidh.

Go raibh do shlánú a Thiarna inár measc go saol na saol.

 

 

Ag Críost an síol, ag Críost an fómhar,

in iothlainn Dé go dtugtar sinn.

Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc,

i líonta Dé go gcastar sinn.

Ó fhás go haois, is ó aois go bás.

Do dhá láaimh, a Chríost, anall tharainn.

Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás,

i bParthas na nGrást go rabhaimid.


Turas na Croise

 

1.  Daortar Íosa chun báis.

2. Tógann Íosa an chros.

3. Tuiteann Íosa an chéad uair.

4. Castar a Mháthair ar Íosa.

5. Cuidíonn Siomon le h-Íosa.

6. Íosa agus Veronica.

7. Tuiteann Íosa an dara h-uair.

8. Caoineann na mná le h-Íosa.

9. Tuiteann Íosa an triú h-uair..

10. Nochtuightear Íosa.

11. Greamaítear Íosa den chrois.

12. Gheibh Íosa bás.

13. Tógtar Íosa anuas den chrois.

14. Alactar Íosa.

 

A Thiarna Dia, fuair Críost, do Mhac, bás ar ár son agus sa dhóigh sin bhunaigh sé rúndiamhair na Cásca.  As ucht do thrócaire naomhaigh sinn agus cosain sinn i gcónaí.  Sin é ár nguí chugat trínár dTiarna Íosa Críost, a mhaireann agus a rialaíonn mar aon leatsa agus leis an Spiorad Naomh, in Dhia, trí shaol na saol.  Amen.


An t-Angelus

Thainig Aingeal an Tiarna le teachtaireacht chuig Mhuire.

- Agus ghabh sí ón Spiorad Naomh.  Sé do bheatha, Mhuire

 

Feach mise searbhónta an Tiarna.

- Go ndéantar liom mar a duireas.  Sé do bheatha, Mhuire

 

Rinneadh feol den Bhriathar

- Agus chónaigh Sé eadrainn.      Sé do bheatha, Mhuire

 

Guidh orainn a Naomh Mhathair Dé

- Ionas go mb’fhiú gealltanais Chríost a fhail.

 

Guimis

Doirt anuas, impimid ort, a Thiarna, do ghrásta inár gcroíthe, ionas sinne a fuair fios trí sceala an aingil ar ionchollaíodh Chríost, go dtiocfaimis trí luaíocht a pháise agus a Chroise, go glóir a aíséirí, trid an Chríost céanna, ár dTiarna.  Amen.


An Memorare

Cuimhnigh, a ogh ró-chraifeach Mhuire, ná cluineadh ariamh ó thús an t-saoil gur fagadh gan toradh einne dár iarr do choimirce, dár impidh do chunamh nó dá raibh ag toraíocht d’eadarghuí.  Ar an abhar sinn, lan de mhuinín as seo, deifrím chugat, á Mháthair, agus a ogh na n-ogh, tigim i do lathair ag osnail, agus seamain as do chomhair i mo pheacach chráite.   Á Mháthair Mhic Dé na tarcaisnigh m’urnaithe ach éist agus freagair iad go grásúil.  Amen.

 


 

An Salve Regina

Go mbeannaítear duit, a bhanríon bheannaithe, a Mháthair na trócaire.  Go mbeannaithear duit, ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas.  Is ortsa a ghlaoimid, clann bhocht dhíbertha Eabha.  Is chugatsa a chuirimid suas ár n-osnaí, ag mairgnigh agus ag gól, sa ghleann seo na ndeor.  Ar an ábhar sin, a eadarghuí ghrásuil, tionntaigh do shuile trócaire orainn, agus indiadh ár ndibeartha anseo, taispeáin duinn tóradh bheannaithe do bhroinn Íosa.  A Mhaighdean cheansa, ghrámahr, mhilis Mhuire.  Guidh orainn a Naomh Mháthair Dé: ionas go mb’fhiu sin gealltanais Chríost a fháil.  Amen.

 

 http://www.irishpage.com/prayers/mass.htm
http://www.dublindiocese.ie/liturgical-resources/as-gaeilge